17 Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d'fheoil féin iad; ba chorbadh sin.
18 Ná beir leat ar do chomhluadar ban bean agus a deirfiúr agat san am céanna, chun an folach a bhaint dá nochtacht seo fad mhaireann sí siúd.
19 Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa.
20 Ná luigh go collaí le bean do chomharsan; d'fhágfadh sin neamhghlan thú.
21 Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.
22 Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.
23 Ná luigh le haon ainmhí; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.