22 Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.
23 Ná luigh le haon ainmhí; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.
24 Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú.
25 Truaillíodh an talamh; d'agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de.
26 Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí - idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc - aon cheann de na nithe gráiniúla sin.
27 Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh.
28 Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh?