27 Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh.
28 Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh?
29 Óir aon duine a dhéanann rud gráiniúil díobh sin, is cuma céard é, aon duine a dhéanann a leithéid, ní foláir é a ionnarbadh óna phobal.
30 Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.”