4 Géilligí do mo reachtanna agus coimeádaigí mo dhlíthe, agus mairigí dá réir. Mise an Tiarna bhur nDia.
5 Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.
6 Ní ceadmhach d'aon duine agaibh druidim le bean gharghaoil leis an bhfolach a bhaint dá nochtacht. Mise an Tiarna.
7 Ná bain an folach de nochtacht d'athar, nochtacht do mháthar is é sin; sí do mháthair í, ná bain an folach dá nochtacht.
8 Ná bain an folach de nochtacht bhean d'athar; is í nochtacht d'athar í.
9 Ná bain an folach de nochtacht do dheirféar, cibé acu iníon do d'athair í, nó do do mháthair. Cibé acu a shaolaítear í sa teach céanna nó a mhalairt, ná bain an folach dá nochtacht.
10 Ná bain an folach de nochtacht iníon do mhic ná d'iníne; sí do nochtacht féin a nochtachtsan.