1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo:Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa.
3 Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia.
4 Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia.