11 Ná déanaigí goid ná calaois ná feall ar bhur gcomharsa.
12 Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.
13 Ná déan leatrom ná slad ar do chomharsa. Ná coinnigh tuarastal an fhostaí thar oíche go maidin.
14 Ná cuir mallacht ar an mbalbhán, ná ceap tuisle ar chosán an daill, ach bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.
15 Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.
16 Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.
17 Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin.