34 An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.
35 Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnais dlí, i dtomhas faid ná meáchain ná toirte;
36 bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n‑éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte.
37 Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”