4 Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia.
5 Má ofrálann sibh íobairt chomaoineach don Tiarna, déanaigí sibh féin taitneamhach, agus ansin ofrálaigí amhlaidh sin í.
6 Ní foláir í a ithe an lá céanna, nó lá arna mhárach; a mbeidh fágtha an tríú lá ní foláir é a loscadh.
7 Má itear aon chuid di ar an treas lá, is ofráil ghráiniúil í, ní ghlacfar léi.
8 Aon duine a itheann í, bíodh deasca a pheaca air, mar go mbíonn naofacht an Tiarna truaillithe aige; gearrtar amach óna phobal an duine sin.
9 Ag baint an fhómhair de bhur n‑ithir, ná bainigí go deireadh an cheann fearainn. Ná bailigh diasa an fhómhair.
10 Ní mó ná sin ba chóir duit d'fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.