5 Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola.
6 Bris ina píosaí í, agus doirt ola uirthi, óir is ofráil bhia í.
7 Más abhlann bruite san oigheann do ofráil, bíodh sí de phlúr mín, bruite le hola.
8 Tabhair leat an abhlann a ullmhaíodh ar an gcuma sin chun an Tiarna agus cuir i láthair an tsagairt í agus tabharfaidh seisean chun na haltóra í.
9 Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
10 Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.
11 Níl gabháile le dul i ndéantús aon abhlainne a ofrálfaidh sibh don Tiarna, óir ní ceadmhach daoibh choíche gabháile ná mil a dhó mar ofráil don Tiarna.