1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Abair le clann Iosrael:Aon duine de chlann Iosrael nó aon deoraí dá gcuireann fúthu in Iosrael, a thugann aon duine dá leanaí do Mhoilic, cuirtear chun báis é; gabhadh muintir na tíre cloch ar chloch air.
3 Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.
4 Má thugann muintir na tíre an tsúil chaoch ar aon slí don duine sin agus é ag tabhairt leanbh leis do Mhoilic, agus gan é a chur chun báis,
5 tabharfaidh mé aghaidh air féin agus ar a threibh, agus gearrfaidh mé amach ona bpobal iad - é féin agus cách a leanann é ag déanamh striapachais i ndiaidh Mhoilic.
6 Má théann duine i muinín spioraid na marbh nó na ndraíodóirí, a dhéanamh striapachais ag géilleadh dóibh, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.