10 Aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean phósta - aon fhear a dhéanann adhaltranas le bean a chomharsan, cuirtear chun báis é - an t‑adhaltrach fir agus an t‑adhaltrach mná chomh maith.
11 Fear a luíonn le bean a athar, bhain sé an folach de nochtacht a athar. Cuirtear iad araon chun báis; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.
12 Fear a luíonn le bean a mhic: cuirtear iad araon chun báis. Thruaillíodar a chéile; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.
13 Fear a luíonn le fear eile mar a dhéanfadh le bean: rinneadar coir ghráiniúil le chéile; cuirtear chun báis iad; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.
14 Fear a ghabhann chuige bean agus a hiníon: sin corbadh. Loisctear le tine iad, eisean agus iadsan; ná bíodh aon chorbadh in bhur measc.
15 Fear a luíonn le hainmhí: cuirtear chun báis é agus maraítear an t‑ainmhí chomh maith.
16 Bean a dhruideann le hainmhí chun luí leis: maraítear an bhean agus an t‑ainmhí. Ní foláir iad a mharú; bíodh a bhfuil sa mhullach orthu féin.