17 Fear a ghabhann a dheirfiúr, iníon a mhathar nó iníon a athar, chuige mar bhean: Má fheiceann sé a nochtacht agus go bhfeiceann sise a nochtachtsan, is táire é. Cuirtear chun báis os comhair an phobail iad; bhain sé an folach de nochtacht a dheirféar agus bíodh iarsmaí a dhrochbhirt air.
18 Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d'fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.
19 Ná bain an folach de nochtacht dheirfiúr d'athar ná dheirfiúr do mháthar, óir sin duine ag nochtadh a fheola féin; bíodh deasca a gcoire orthu.
20 An fear a luíonn le bean a uncail: Bhain sé an folach de nochtacht a uncail. Bíodh deasca a gcoire orthu, agus bás gan sliocht dóibh.
21 An fear a ghabhann bean a dhearthár chuige mar chéile: Sin col. Bhain sé an folach de nochtacht a dhearthár. Bás gan sliocht dóibh.
22 Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.
23 Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu.