22 Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.
23 Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu.
24 Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.
25 Uime sin ní foláir daoibh an t‑ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t‑éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh.
26 Bígí naofa domsa, óir is naofa mise, an Tiarna, agus chuir mé i leataobh sibh ó na ciníocha le go mba liomsa sibh.
27 Aon fhear nó bean is asarlaí nó draíodóir, cuirtear chun báis iad; gabhtar de chlocha, cloch ar chloch, orthu. Bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.”