14 Bean atá ina baintreach, nó scartha óna céile, nó truaillithe ag striapachas, ná pósadh sé, ach maighdean dá mhuintir féin bíodh aige mar bhean.
15 Ná truaillíodh sé a shliocht i measc a mhuintire, óir is mise an Tiarna a naomhaíonn é.”
16 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17 “Abair le hÁrón:Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil.
18 Ná tagadh aon duine i ngar ar a bhfuil iomard mar dhaille nó coiscéim bhacaí, nó atá ciorraithe nó míchumtha,
19 nó leonta ó chois nó ó láimh,
20 nó atá ina chruiteachán nó ina fhíothal, ná aon duine ar a bhfuil máchail radhairc nó craicinn, nó cneá shilidh, ná atá coillte.