16 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17 “Abair le hÁrón:Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil.
18 Ná tagadh aon duine i ngar ar a bhfuil iomard mar dhaille nó coiscéim bhacaí, nó atá ciorraithe nó míchumtha,
19 nó leonta ó chois nó ó láimh,
20 nó atá ina chruiteachán nó ina fhíothal, ná aon duine ar a bhfuil máchail radhairc nó craicinn, nó cneá shilidh, ná atá coillte.
21 Aon duine de shliocht Árón an sagart, ná tagadh sé agus íobairtí loiscthe an Tiarna a ofráil má bhíonn aon iomard air; ná tagadh sé i láthair chun bia a Dhé a ofráil má bhíonn iomard air.
22 Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa,