5 Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp.
6 Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.
7 Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia.
8 Bíodh sé coisricthe agat mar go n‑ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.
9 Má thruaillíonn iníon sagairt ar bith í féin le striapachas, truaillíonn sí a hathair agus ní foláir í a loscadh le tine.
10 “An sagart a chinneann ar a bhráithre, ar doirteadh an criosma ar a cheann agus a insealbhaíodh, ná mothallaíodh sé a fholt agus ná stolladh sé a chuid éadaigh.
11 Ná téadh sé i ngar corpáin; ná déanadh sé é féin neamhghlan fiú ar son a athar ná a mháthar.