17 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
18 “Abair é seo le hÁrón, lena chlann mhac, agus le clann Iosrael:Nuair a dhéanann aon duine de theaghlach Iosrael nó aon duine de na deoraithe in Iosrael, ofráil a thabhairt ar son móide nó mar íobairt dheonach le hofráil don Tiarna mar íobairt uileloiscthe,
19 ní mór dó, má tháthar le glacadh leis, fireannach gan mháchail a ofráil, damh nó caora nó gabhar.
20 Ná híobraígí aon ní ar a bhfuil máchail óir ní ghlacfaí leis ar bhur son.
21 Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t‑ainmhí - más den tréad nó den táin é - foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail.
22 Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d'ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
23 Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.