22 Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d'ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
23 Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.
24 Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin
25 agus ná glacaigí lena leithéid ó lámha deoranta le hofráil mar bhia do bhur nDia. Ainimh í a máchail a d'fhágfadh nach nglacfaí leo ar bhur son.”
26 Labhair an Tiarna le Maois, agus dúirt:
27 “Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
28 Ach ná maraigh an mháthair, más bó más caora, ar an aon lá lena hóg.