29 Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha.
30 Ní foláir í a ithe an lá céanna gan aon chuid di a choimeád go maidin. Mise an Tiarna.
31 “Coimeádaigí m'aitheanta agus déanaigí dá réir. Mise an Tiarna.
32 Ná truailligí m'ainm naofa d'fhonn go naomhófaí mé i measc chlann Iosrael; mise an Tiarna a naomhaíonn sibh.
33 Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.”