7 Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó.
8 Ainmhí a fuair bás uaidh féin, nó a stoll ainmhithe allta, ná hitheadh sé é; d'fhágfadh sin neamhghlan é. Mise an Tiarna.
9 Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.
10 Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis.
11 Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin.
12 Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.
13 Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.