9 Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.
10 Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis.
11 Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin.
12 Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.
13 Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.
14 Má itheann duine rud naofa gan fhios, déanadh sé é a aisíoc leis an sagart agus cúigiú dá luach de bhreis leis.
15 Ná truaillídís na híobairtí naofa a chuir clann Iosrael i leataobh don Tiarna;