10 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart.
11 Cuireadh sé i láthair an Tiarna í mar dhleacht ar leith, d'fhonn go nglacfaí libh. Amárach na sabóide a dhéanfaidh an sagart an ofráil seo.
12 An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
13 Sé a bheidh in abhlann an lae sin, dhá dheachú de phlúr mín fuinte le hola, íobairt uileloiscthe a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna. An ofráil dí, bíodh sí d'fhíon, ceathrú hín.
14 Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.
15 Ón lá tar éis na sabóide, ón lá a thug sibh libh punann na hofrála dleachta, comhairigí seacht lánseachtainí.
16 Comhairigí leathchéad lá go dtí an lá tar éis an seachtú sabóid, ansin ofrálaigí abhlann de ghrán úr don Tiarna.