10 Bhí fear ann arbh Iosraelach mná a mháthair agus arbh Éigipteach a athair. Tháinig sé óna theach amach agus chuaigh faoin gcampa i measc chlann Iosrael agus chrom sé - mac na hIosraelaí - ar aighneas le hIosraelach sa champa.
11 Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).
12 Chuireadar i gcarcair é go nochtfaí toil an Tiarna dóibh.
13 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
14 “Tabhair an té a rinne an mallú lasmuigh den champa; leagadh gach duine a chuala é a lámh ar a cheann, agus gabhadh an comhthionól go léir de chlocha ann.
15 Ansin abair le clann Iosrael:Aon duine a mhallaíonn a Dhia, iompraíodh sé ualach a pheaca.
16 An té a dhiamhaslaíonn ainm an Tiarna ní foláir dó bás a fháil; caithfidh an comhthionól uile gabháil de chlocha ann. Cibé acu dúchasach nó deoraí é, má mhaslaíonn sé an tAinm, cuirtear chun báis é.