1 Labhair an Tiarna le Maois ar Shliabh Shíonái, agus dúirt:
2 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a rachaidh sibh isteach san fhearann atá á thabhairt agam daoibh, bíodh sabóid sosa ag an bhfearann don Tiarna.
3 Cuir síol i d'ithir ar feadh sé bliana, agus bearr d'fhiniúin agus cnuasaigh a toradh.
4 Ach an seachtú bliain, bíodh sabóid shollúnta sosa, sabóid don Tiarna, ag d'fhearann; ná cuir d'ithir, agus ná bearr d'fhiniúin,
5 ná bain fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora de d'fhiniúin gan bearradh. Bíodh sí ina bliain sosa ag an bhfearann.
6 Beidh sabóid an fhearainn féin ina cothú agat féin agus ag do dhaoir, idir fhir agus mhná, ag do fhear tuarastail, agus ag an deoraí a chónaíonn leat.
7 Bíodh a fómhar go léir mar chothú ag d'eallach chomh maith agus ag an stoc ar do thalamh.