10 Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.
11 Bíodh an leathchéadú bliain sin ina bliain iubhaile agaibh; ná cuirigí síol, ná bainigí fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora d'fhiniúin gan bearradh.
12 Bíodh an iubhaile naofa agaibh agus caithigí cnuas an mhachaire.
13 I mbliain seo na hiubhaile filleadh gach duine agaibh ar a shealúchas dúchais.
14 Má dhéanann tú aon rud a dhíol le do chomharsa nó a cheannach uaidh, ná sáraigh an fear thall.
15 Má dhéanann tú ceannach ó do chomharsa, cuirtear san áireamh líon na mblianta ón iubhaile; de réir líon na mblianta toraidh, déanadh sé an margadh leat.
16 Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige.