16 Dá mhéad é líon na mblianta, is ea is mó an praghas a thabharfaidh tú; dá laghad é líon na mblianta is ea is mó an lascaine; óir is líon áirithe fómhar atá á ndíol aige.
17 Ná déanadh aon duine agaibh éagóir ar a chomharsa, ach bíodh eagla oraibh roimh bhur nDia. Mise an Tiarna bhur nDia.
18 Déanaigí dá bhrí sin de réir mo dhlíthe agus coimeádaigí mo reachtanna; agus cleachtaigí iad, agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
19 Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.
20 Sa chás go bhfiafródh sibh cad a íosfaimid an seachtú bliain seo gan síol a chur ná fómhar a bhailiú,
21 d'ordaigh mé mo rath a bheith oraibh sa séú bliain i gconaí i dtreo go mbeadh dóthain trí bliana de thoradh inti.
22 Beidh an seantoradh fós á ithe agaibh agus sibh ag cur san ochtú bliain; sea agus beidh an seantoradh á ithe agaibh fós sa naoú bliain agus sibh ag feitheamh le fómhar na bliana sin.