4 Ach an seachtú bliain, bíodh sabóid shollúnta sosa, sabóid don Tiarna, ag d'fhearann; ná cuir d'ithir, agus ná bearr d'fhiniúin,
5 ná bain fómhar dá bhfásfaidh uaidh féin, agus ná cnuasaigh caora de d'fhiniúin gan bearradh. Bíodh sí ina bliain sosa ag an bhfearann.
6 Beidh sabóid an fhearainn féin ina cothú agat féin agus ag do dhaoir, idir fhir agus mhná, ag do fhear tuarastail, agus ag an deoraí a chónaíonn leat.
7 Bíodh a fómhar go léir mar chothú ag d'eallach chomh maith agus ag an stoc ar do thalamh.
8 Comhair seacht seachtaine de bhlianta, sé sin aga seacht faoi sheacht de bhlianta; naoi mbliana agus daichead a bheidh sna seacht seachtaine de bhlianta.
9 Ar an deichiú lá den seachtú mí cuir an trumpa á shéideadh; ar Lá an Leorghnímh cuirigí an trumpa á shéideadh ar fud na críche.
10 Fogair an leathchéadú bliain naofa, agus fógraigí saoirse do lucht áitribh na tíre go léir; bíodh sí seo ina bliain iubhaile agaibh; filleadh gach duine agaibh ar a dhúchas, gach duine ar a mhuintir féin.