45 Ní miste daoibh chomh maith iad a cheannach ó i measc na gcoimhthíoch a chónaíonn in bhur measc agus óna gclann a chonaíonn in bhur measc agus a saolaíodh ar bhur dtailte. Bíodh seilbh agaibh orthusan.
46 Ní miste daoibh iad a fhágáil le huacht ag bhur gclann mhac in bhur ndiaidh le bheith ina seilbh go brách. Bídís-sean mar dhaoir agaibh, ach ná bígí in bhur máistrí diana ar bhur mbráithre, clann Iosrael.
47 Má éiríonn coimhthíoch nó deoraí in bhur measc saibhir agus bhur mbráthair taobh leis a fháil dealbh agus é féin a reic leis siúd, leis an gcoimhthíoch nó leis an deoraí in bhur measc nó le duine dá mhuintir siúd,
48 tar éis a reaca beidh ceart fuascailte aige agus féadann bráthair leis é a fhuascailt.
49 Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt.
50 I gcomhairle le fear a cheannaithe, déanadh sé líon na mblianta ó bhliain a dhíolta go bliain na hiubhaile a áireamh; ní foláir méid na táille fuascailte a mheas de réir líon sin na mblianta; déantar an t‑am a bhíonn tugtha aige dá mháistir a thomhas de réir tuarastal fostaí.
51 Má bhíonn a lán blianta le dul fós, ansin ní foláir dó, de réir líon na mblianta, cuid dá phraghas reaca a aisíoc ar son a fhuascailte.