49 Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt.
50 I gcomhairle le fear a cheannaithe, déanadh sé líon na mblianta ó bhliain a dhíolta go bliain na hiubhaile a áireamh; ní foláir méid na táille fuascailte a mheas de réir líon sin na mblianta; déantar an t‑am a bhíonn tugtha aige dá mháistir a thomhas de réir tuarastal fostaí.
51 Má bhíonn a lán blianta le dul fós, ansin ní foláir dó, de réir líon na mblianta, cuid dá phraghas reaca a aisíoc ar son a fhuascailte.
52 Mura mbíonn ach an beagán blianta le dul go dtí bliain na hiubhaile, ní foláir dó táille a fhuascailte a mheas leis de réir líon na mblianta seirbhíse atá dlite uaidh.
53 Déantar an meastachán amhail is dá mba fhear ar tuarastal é ó bhliain go bliain. Féach chuige nach mbítear dian ar an bhfear.
54 Mura ndéantar é a fhuascailt ar aon slí díobh sin scaoiltear saor é i mbliain na hiubhaile, é féin agus a chlann in éineacht leis.
55 Óir is searbhóntaí liomsa clann seo Iosrael; is searbhóntaí iad a thug mé amach as tír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.