11 Más ainmhí neamhghlan a bhíonn i gceist, nach n‑oirfeadh a ofráil don Tiarna, ní foláir dó é a chur i láthair an tsagairt, cibé rud é.
12 Cuireadh seisean luach air, á mheas a bheith go maith nó go holc. Mar a mheasann tusa an sagart é, sin mar a bheidh sé.
13 Más mian leis an duine é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach.
14 Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach.
15 Ach más mian leis an té a choisric a theach é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach agus bíodh sé ar ais aige.
16 Má dhéanann duine gort dá oidhreacht athartha a choisreacan don Tiarna, déan a luach a mheas de réir a thorthúlachta, leathchéad seicil airgid an t‑ómar eorna.
17 Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat.