2 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a mhóidíonn duine luach pearsan don Tiarna agus gur mian leis a mhóid a chomhlíonadh,
3 ansin bíodh leathchéad seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - mar luach agat ar fhear idir fiche agus trí fichid bliain;
4 bíodh deich seicil fichead mar luach agat ar bhean;
5 bíodh fiche seicil mar luach agat ar bhuachaill idir cúig agus fiche bliain, agus deich seicil ar chailín.
6 Bíodh cúig sheicil airgid mar luach agat ar bhuachaill idir mí agus cúig bliana, agus trí sheicil ar chailín.
7 Bíodh cúig sheicil déag mar luach agat ar fhear ó thrí fichid amach, agus deich seicil ar bhean.
8 Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.