20 Mura ndéanann sé é a fhuascailt ach é a dhíol leis an bhfear thall, tá deireadh leis an gceart fuascailte;
21 agus nuair a shaortar an gort bliain na hiubhaile, déanann ní coisricthe don Tiarna arís de, ar aon dul le talamh faoi bhang; faigheann an sagart seilbh air.
22 Má choisriceann duine gort a cheannaigh sé, gort nach aon chuid dá sheilbh oidhreachta, don Tiarna,
23 ansin déanadh an sagart a luach a mheas as sin go bliain na hiubhaile, agus díoladh an duine suim a luacha an lá sin mar dhéanfadh ar rud coisricthe don Tiarna.
24 I mbliain na hiubhaile fillfidh an gort ar an díoltóir, an duine ar leis é de sheilbh oidhreachta.
25 Déantar gach luacháil de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará an seicil.
26 Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n‑ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é.