11 Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna.
12 Más gabhar a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna,
13 agus leagadh sé lámh ar a cheann agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón a fhuil ar imill na haltóra.
14 Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna an méid seo de: an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,
15 an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé óna duáin.
16 Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, ina ofráil dhóite mar chumhracht thaitneamhach.Leis an Tiarna an tsaill go léir.
17 Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”