7 Más uan a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna.
8 Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón an fhuil ar imill na haltóra.
9 Ansin ofráladh sé mar ofráil dhóite don Tiarna ón íobairt chomaoineach: an tsaill, an t‑eireaball méith go léir á ghearradh ón bhfréamh ag cnámh an droma, an tsaill timpeall an ionathair, an tsaill go léir ar an ionathar,
10 an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin.
11 Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna.
12 Más gabhar a ofrálann sé, ofráladh sé é i láthair an Tiarna,
13 agus leagadh sé lámh ar a cheann agus maraíodh sé é os comhair Bhoth na Teagmhála; ansin doirteadh clann mhac Árón a fhuil ar imill na haltóra.