23 nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail.
24 Leagadh sé a lámh ar cheann an ghabhair agus maraíodh sé é mar a mharaítear an t‑íobarthach le huileloscadh i láthair an Tiarna. Íobairt pheaca í seo.
25 Ansin tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe.
26 Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.
27 Má pheacaíonn duine den ghnáthphobal le barr neamhaire agus go bhfágann sé é féin ciontach mar go ndéanann sé rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna,
28 nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé, tugadh sé leis, mar íobairt ar son an pheaca a rinne, gabhar, minseach gan mháchail.
29 Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh pheaca agus maraíodh sé an t‑íobarthach peaca mar a maraítear na huileloiscthigh.