7 Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.
8 Seo leanas a dtógfaidh sé de shaill tharbh íobairt an pheaca: an tsaill timpeall an ionathair agus an tsaill ar an ionathar,
9 an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin -
10 mar a bhaintear ón ainmhí a íobraítear san íobairt chomaoineach - agus ní foláir don sagart an méid sin a dhó ar altóir an uileloiscthe.
11 Ach seithe an tairbh agus a fheoil go léir agus a cheann agus a chosa agus a ionathar agus a otrach -
12 an tarbh go léir, ní foláir é a bhreith ón gcampa amach go háit ghlan, mar a gcaitear amach an luaithreach, agus é a dhó ann ar thine bhrosna.
13 Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,