1 Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n‑iompar aige;
2 nó má bhaineann duine le rud neamhghlan - cibé rud a bhíonn ann, conablach ainmhí neamhghlain, más múinte más allta é, nó conablach cinn de na neamhghlana a shníonn - agus go n‑éiríonn sé neamhghlan gan fhios dó, agus go mbíonn sé ciontach;
3 nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n‑éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;
4 nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -
5 má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,
6 agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread - caora nó gabhar - mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.