3 nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n‑éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;
4 nó má thugann duine mionn gan chríonnacht go ndéanfadh sé olc nó maith, mionn den saghas a thugann daoine go místuama, ach gur gan fhios dó é, ach ina dhiaidh sin go dtuigeann sé an scéal, agus gur ciontach é -
5 má bhíonn duine ciontach in aon cheann de na cúinsí sin, admhaíodh sé an peaca a rinne sé,
6 agus tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, baineannach den tread - caora nó gabhar - mar íobairt pheaca; agus comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh á shaoradh óna pheaca.
7 Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
8 Tugadh sé chun an tsagairt iad agus ofráladh seisean ar dtús an ceann don íobairt pheaca. Casadh seisean an ceann ar a mhuineál ach gan a cheann a bhaint de.
9 Croitheadh sé cuid de fhuil an íobairt pheaca ar chliathán na haltóra, agus déanadh sé fuílleach na fola a fháscadh as ag bun na haltóra. Íobairt pheaca í seo.