14 Tá ceann de na builíní as gach ofráil le cur i láthair an Tiarna mar íobairt; bíodh sin ag an sagart a chroith fuil an íobairt chomaoineach.
15 Feoil an íobarthaigh chomaoineach bhuíochais, itear í lá a hofrála; ná fágtar aon ruainne di go maidin.
16 Ach má bhíonn an t‑íobarthach á íobairt mar ofráil mhóide nó méine, itear é lá a ofrála, agus itear an fuílleach lá arna mhárach;
17 ach má bhíonn aon chuid d'fheoil an íobarthaigh fágtha ar an tríú lá, loisctear sa tine é.
18 Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.
19 Feoil a bhaineann le haon ní neamhghlan, ná hitear í, ach loisctear sa tine í. Ní miste d'aon duine glan feoil a ithe
20 ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.