18 Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.
19 Feoil a bhaineann le haon ní neamhghlan, ná hitear í, ach loisctear sa tine í. Ní miste d'aon duine glan feoil a ithe
20 ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.
21 Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”
22 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
23 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Ná hithigí saill ar bith, saill daimh, ná caorach, ná gabhair.
24 Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe.