24 Saill ainmhí a gheobhaidh bás uaidh féin, nó saill ainmhí a stollfaidh ainmhithe allta, ní miste daoibh feidhm ar bith eile a bhaint aisti, ach ní ceadmhach daoibh féin í a ithe.
25 Aon duine a itheann saill ainmhí a ofráladh ina íobairt dhóite don Tiarna, déantar é a ionnarbadh óna phobal.
26 Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.
27 Aon duine a chaitheann fuil d'aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.”
28 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
29 “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair:Aon duine a ofrálann íobairt chomaoineach don Tiarna, tugadh sé cuid dá íobairt mar ofráil.
30 Tugadh sé ofráil dhóite an Tiarna, an tsaill ar an mbrollach is é sin, ina lámha féin. Tugadh sé í sin agus an brollach féin chomh maith, d'fhonn an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna.