27 Aon duine a chaitheann fuil d'aon sórt, déantar é a ionnarbadh óna phobal.”
28 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
29 “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair:Aon duine a ofrálann íobairt chomaoineach don Tiarna, tugadh sé cuid dá íobairt mar ofráil.
30 Tugadh sé ofráil dhóite an Tiarna, an tsaill ar an mbrollach is é sin, ina lámha féin. Tugadh sé í sin agus an brollach féin chomh maith, d'fhonn an dleacht ar leith a ofráil i láthair an Tiarna.
31 Ní foláir don sagart an tsaill a dhó ar an altóir, ach bíodh an brollach ag Árón agus ag a chlann mhac.
32 Cuirigí an cheathrú dheas de na híobairtí comaoineach i leataobh agus tugaigí don sagart í.
33 An cheathrú dheas an chuid is dual don mhac le hÁrón a ofrálann fuil agus saill an íobairt chomaoineach.