34 An brollach, dá réir sin, lena ndéantar an dleacht ar leith a ofráil, agus an cheathrú a ofráiltear, tógaim ar ais iad as na híobairtí comaoineach a ofrálann clann Iosrael, agus tugaim iad d'Árón an sagart agus dá mhic; reacht síoraí é seo ag ceangal chlann Iosrael.”
35 Sin é mar sin cuid Árón agus a mhac d'íobairtí uileloiscthe an Tiarna an lá a chuir sé i láthair an Tiarna iad le bheith ina sagairt aige.
36 D'ordaigh an Tiarna clann Iosrael á thabhairt sin dóibh an lá a ungtar iad; reacht síoraí é seo dá sliocht ó ghlúin go glúin.
37 Sin é dá réir sin gnás an uileloiscthe, na habhlainne, an íobairt pheaca, na n‑íobairtí cúitimh agus insealbhaithe agus comaoineach.
38 Sin é a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois ar Shliabh Shíonái nuair a d'aithin sé do chlann Iosrael a n‑ofrálacha a thabhairt chun an Tiarna i bhfásach Shíonái.