4 an dá dhuán agus an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin;
5 dódh an sagart na píosaí sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Íobairt chúitimh í seo.
6 Is ceadmhach do gach fireannach sagairt í a ithe. Ní foláir í a ithe in áit naofa; tá sí sárnaofa.
7 Is é dála an íobairt pheaca é ag an íobairt chúitimh; is ionann gnás dóibh. An sagart a dhéanann leorghníomh léi, bíodh sí aige.
8 An sagart a ofrálann íobairt uileloiscthe ar son duine, bíodh seithe an íobarthaigh uileloiscthe a d'ofráil sé aige.
9 Gach abhlann a bácáladh i sorn, gach abhlann bruite ar ghrideall nó in oigheann, bíodh sí ag an sagart a ofrálann í.
10 Gach abhlann fuinte le hola, nó tur, bíodh sí ag clann Árón go léir gan idirdhealú.