10 Saill an íobairt pheaca, na duáin agus an meall saille ar an ae, loisc sé ar an altóir iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
11 Loisc sé an fheoil agus an tseithe lasmuigh den champa.
12 Mharaigh Árón an t‑íobarthach a bhí le huileloscadh ansin; thug a chlann mhac an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
13 Ansin thugadar dó an t‑íobarthach ina spólaí roinnte, a cheann chomh maith, agus dhóigh sé an t‑iomlán seo ar an altóir.
14 Nigh sé an t‑ionathar agus na cosa agus dhóigh iad ar an altóir mar aon leis an uileloisctheach.
15 Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d'ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.
16 Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.