16 Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.
17 An abhlann a thug sé i láthair ansin; thóg sé dorn aisti agus dhóigh ar an tine é fara íobairt uileloiscthe na maidine.
18 Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.
19 Saill an daimh agus an reithe - an t‑eireaball méith, an tsaill timpeall an ionathair, na duáin, an meall saille ar an ae -
20 chuir sé an méid sin go léir ar na brollaigh agus loisc é go léir ar an altóir.
21 Rinne Árón na brollaigh agus an cheathrú dheas a ofráil mar dhleacht ar leith faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
22 Ansin d'ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas