1 Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc,
2 de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;
3 níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,
4 chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu.