Lúcás 7 ABN

Giolla an Taoisigh Céad á Leigheas

1 Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum.

2 Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é.

3 Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú.

4 Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó;

5 óir tá grá aige dár náisiún agus is é a thóg an tsionagóg dúinn.”

6 Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí:

7 sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta.

8 Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

9 Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”

10 Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán.

Aiséirí Mhac na Baintrí

11 Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan.

12 Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.

13 Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”

14 Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”

15 Agus d'éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é.

16 Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”

17 Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.

Teachtairí ó Eoin Baiste: Moladh ar Eoin

18 D'inis deisceabail Eoin na nithe sin uile dó, agus ghlaoigh Eoin beirt dá dheisceabail chuige

19 agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”

20 Nuair a tháinig na fir ina láthair dúirt siad: “Chuir Eoin Baiste chugat sinn á rá: ‘An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?’ ”

21 An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n‑éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.

22 Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

23 Is méanar don té nach nglacann scannal ionamsa.”

24 Nuair a bhí teachtairí Eoin imithe, thosaigh sé ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?

25 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe in éadaí míne? Iad seo a bhíonn gléasta go niamhrach agus a mhaireann go beadaí, is i bpáláis na ríthe atá siad.

26 Ach cad a chuaigh sibh amach a fheicéail? Fáidh, an ea? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.

27 Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:‘Féach, cuirim mo theachtaire romhata réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

28 “Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean.

29 Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.

30 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.

31 Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad?

32 Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir:‘Rinneamar píobaireacht daoibh,ach ní dhearna sibh rince;rinneamar caoineadh,ach ní dhearna sibh gol.’

33 “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’

34 Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’

35 Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”

An tAithríoch Grámhar

36 Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.

37 Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d'ola chumhra,

38 agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n‑ungadh leis an ola chumhra.

39 An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”

40 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.”

41 Dúirt: “Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig céad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile.

42 Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

43 D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

44 Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

45 Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

46 Níor ung tú mo cheann le hola; ach d'ung sí seo mo chosa le hola chumhra.

47 Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”

48 Agus dúirt sé léi: “Tá do pheacaí maite.”

49 Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n‑aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?”

50 Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24