1 Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan
2 chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -
3 agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.
4 Nuair a bhí slua mór tagtha le chéile, agus daoine ag triall air as gach cathair, labhair sé i bhfoirm parabail:
5 “Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid de le hais an bhóthair agus gabhadh de chosa ann, agus d'ith éanlaith an aeir é.
6 Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d'fheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.
7 Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.
8 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”
9 Ach d'fhiafraigh a dheisceabail de cad ba chiall leis an bparabal sin.
10 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís,agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’
11 “Is í seo ciall an pharabail: Is é briathar Dé an síol.
12 Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad,
13 Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.
14 É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n‑imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.
15 Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.
16 “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas.
17 Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais.
18 Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”
19 Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua.
20 Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b'áil leo thú a fheiceáil.”
21 D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”
22 Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Téimis trasna an locha anonn.” Agus chuir siad chun farraige.
23 Agus ag seoladh dóibh, thit seisean ina chodladh. Agus tháinig cuaifeach gaoithe anuas ar an loch; agus bhí ag líonadh orthu agus bhí siad i mbaol.
24 Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.
25 Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”
26 Bhuail siad talamh i dtír na nGeirgiseánach, ón nGailíl anonn.
27 Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.
28 Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”
29 Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.
30 D'fhiafraigh Íosa de: “Cad é an t‑ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún” - óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.
31 Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.
32 Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug.
33 Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad.
34 Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus d'inis sa chathair é agus sna feirmeacha.
35 Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.
36 D'inis an lucht féachana dóibh conas a slánaíodh é siúd ina mbíodh na deamhain.
37 Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.
38 An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé á iarraidh air é ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá:
39 “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.
40 Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis.
41 Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, á achainí air teacht chun a thí;
42 óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air.
43 Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,
44 tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach.
45 Ach dúirt Íosa: “Cé bhain liom?” Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: “A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.”
46 Ach dúirt Íosa: “Bhain duine éigin liom, óir airím go ndeachaigh brí amach uaim.”
47 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach.
48 Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.”
49 Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.”
50 Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.”
51 Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.
52 Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”
53 Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí.
54 Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!”
55 Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d'éirigh sí láithreach; agus d'ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di.
56 Agus tháinig alltacht ar a tuismitheoirí; ach thug sé ordú dóibh gan a insint d'aon duine cad a tharla.