1 Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí ghoirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus á n‑ithe, tar éis iad a chuimilt idir a mbosa.
2 Dúirt cuid de na Fairisínigh: “Cad chuige a bhfuil sibh ag déanamh ruda nach dleathach a dhéanamh lá sabóide?”
3 Agus d'fhreagair Íosa iad á rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh -
4 mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus thóg builíní na fianaise agus d'ith, agus thug dá chompánaigh iad, siúd is nach dleathach iad a ithe ach do na sagairt amháin?”
5 Agus dúirt sé leo: “Tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.”
6 Ansin, lá sabóide eile, chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus thosaigh ag teagasc. Bhí fear ann a raibh a lámh dheas seargtha.
7 Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith.
8 Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair chách.” D'éirigh sé ina sheasamh.
9 Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”
10 Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.
11 Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d'fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa.
12 Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.
13 Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail:
14 Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,
15 Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach,
16 Iúdás mac Shéamais, agus Iúdás Isceiriót a d'iompaigh ina bhrathadóir.
17 Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine
18 a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas.
19 Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.
20 Agus d'ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt:“Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.
21 “Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh.“Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.
22 “Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.
23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe.
24 “Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana.
25 “Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh.“Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol.
26 “Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe bréagacha.
27 “Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh,
28 beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh.
29 An té a bhuaileann ar an leiceann tú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta.
30 Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é.
31 Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.
32 Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh.
33 Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna.
34 Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais.
35 Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.
36 Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach.
37 Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh.
38 Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”
39 Agus dúirt sé parabal leo: “An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díg?
40 Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.
41 Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail atá i do shúil féin?
42 Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.
43 Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta.
44 Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.
45 Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.
46 Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?
47 “Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil.
48 Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha.
49 “An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”